Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 087
- XML “Leighiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine, téigheann sé amach nuair a bhíonn sé ag cur fearthainne agus an ghrian ag taithneamh go láidir. Deirtear go mbeadh biseach air nó uirthi i gceann cúpla uaire nó mar sin.
Nuair a bhíonn triuch ar dhuine, cuirtear é nó í faoi bholg asail, mar deirtear go dtagann biseach ar an nduine sin taréis é sin a dhéanamh.
Nuair a bhíonn slaghdán ar dhuine deirtear go mbeadh sé nó sí go sláinteamhail arís nuair a bhéarfaidhe ubh lachan dó ar trí maidne taréis a chéile bhí fear ann fadó a bhí indon gach galar a leighisiú. Dubhradh go raibh cumhacht ó'n dhiabhal aige acht ní féidir sin a chruthú anois. Nuair a raghadh sé go dtí teach an duine thinn, dheireadh sé go garbh; "Rithigidh amach ar feadh nóiméid". le na daoine a bhíodh istigh ins an dteach.
Nuair a thagadh siad isteach taréis nóiméid nó mar sin, bhíodh biseach ar an nduine tinn. Bhíodh ar na daoine sin cúig púnt a thabhairt dó annsin. Pádraig Ó Diolún an t-ainm a bhí air. Nuair a fuair sé bás i nDún Mór bhí trí míle púnt aige faoi'n leabaidh in a sheómra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gearóid De Grás
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe