Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon oidhche amháin nuair do bhí na fir in-a gcodhladh tháinig na sidheóga agus thóg siad an capall leó. Nuair do dhúisig na fir ar maidin bhí iongadh an domhain artha agus chuaidh siad go dhún na sidheóg. Chuala siad iad ag cainnt i dtaobh an capaill. Dubhairt ceann aca go mbeadh siad indon an capall a fhághail dá leagadh siad an stábla.
Chuaidh siad abhaile agus leag siad an stábla, agus gach oidhche 'na dhiaidh chloisidís an capall ag siubhal síos suas na sráide agus nuair do theigheadh siad amach ní raibh sé le feiceáil.
Tá daoine ann agus ní thugann siad bainne do dhuine eile Dia luain ná Dia Céadaoin. Nuair a bhíonn bó óg ag duine cuireann sé snáithín dearg ar ruball na bó, ar eagla go bgoidfeadh na sidheóga an bhó. Ins an t-sean-aimsir bhíodh na sidheóga ag goid na mbó, más fíor do na sean-daoine.
Bhí sean-bhean ann fadó agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe