Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 238
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú fear marbh, a fhir ghlic. Acht tabhair dhom míle púnt más é do thoil é." Ní raibh aon dul as ag Pól. B'éigin dó míle púnt do thabairt uaidh. Bíonn an glináin glic uaireannta.
- Bhí feár ann fadó agus bhí sé bocht. Bhí sé pósta agus bhí lán an tighe de pháiste aige. Ní raibh de mhaomh an t-saogail seo aige acht aon bhó amháin, agus teacht na Nodlaig dubhairt a bhean leis go gcaitfeadh sé an bhó a dhíol le greim le nithte a thabhairt do's na páiste bocht. Tá go maith arsa an fear. Lá an aonaigh bhuail sé an bhóthair leis an mbha acht bhí sé deirneach í gcóir an aonaigh. Casadh fear air ag teacht o'n aonach agus bhí torrabh aige agus ceistean sé é faoí an aonach. Dubhairt an fear leis go raibh sé deirneach acht go ndéanfadh sé malairt leis. Tá go maith arsa fear na bó agus thug sé dhó an bhó agus cas sé ar ais a bhaile agus tarraibh aige is é sásta go leór no gur casadh fear air a raibh asal aige. Thosaig siad ag cainnt faoí an aonach agus an caoí a bhfuair fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhurca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín de Burca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe