Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 251
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-aghaidh agus dubhairt fear éigin leis go raibh teach mór ag Seán agus siopa mór freisin. Chuaidh an fear go Seán agus díarr sé lóistín na h-oidhche de. Dubhairt fear an tsiopa leis nach féidir leis é sin a dhéanamh go mbeidh eagla air acht go raibh cúpla stábla taobh amuigh agus go raibh málaí ann freisin agus tuigh. Chuaidh an tinncéir amach agus chuaidh sé isteach ins an stábla in a raibh an biadh agus dfan sé annsin ag ithe go dtí sé a clog ar maidin annnsin deirigh sé agus chuaidh sé ag siubhail aríst nuair a bhí a lán biadh ithe aige í ngan fhios do Seán bhocht.
- Bhí trí mathghamna i na gcomnuidhe i dtigh deas i lár coille. Bhí ceann acha an béag. Bhí an dara ceann níos mo ná sin agus bhí an tríomhadh ceann an mhór ar fad. Bhí corcán ag gach ceann aca. Bhí corcán béag i gcóir an mathghamna bhig corcán níos mó na sin i gcóir an mathghamhna meadonaigh agus corcán an mór i gcóir an mathghamhna móir. Bhí trí cataoireacht acha freisin cathaoir beag i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ulcín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Ulcín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe