Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí seanfhear fadó ann, agus bhí sé ag brionglóid go raibh pota óir faoi dhroichead baoí luimnigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)adeir sí ní fhéidfinn déanamh gan é a bheith agam. Mar a bhféadfadh, tá sé sgríobhta ar an gclár seo go bhfuil an oiread céadhna ar an taobh eile den chrann. Téirigh na coip coinne agus gheobfadh tú é.- Sgéal
An buachaill glicNá mílte bliadhain ó shoin, bhí buachaill ag obair ag duine uasal. Bhí oileán san áit agus ní raibh sé i bhfad ó'n teach seo. Bhí cnoc an árd ar an oileán agus deirtear nach raibh aon-dhuine ariamh istigh ar an oileán seo. Bhí deis mhaith le dhul isteach air, ó'n áit a raibh an teach seo. Lá amháin fuair an buachaill agus an duine uasal corach agus chuaidh siad isteach ar an oileán. Nuair a bhí siad istigh air sgaip siad ó chéile, agus d'imthigh siad ar fud an oileáin. Nuair a bhí sé i ngarr a bheith in-a oidhche, tháinic an duine uasal go dtí an corach acht ní raibh a fhios aige cá raibh an buachaill, do ghlaoidh sé ar agus ní bhfuair sé aon fhreagra. D'imthigh sé abhaile sa deire. Bhí an buachaill ag cuartú an duine uasal ar feadh i bhfad. Sa deire shuidh sé síos agus thosaigh sé ag dearca thar-timceall ar. Is gearr gur thug sé faoi deara go raibh an áit ar fad líonta le píosaí óir. Bhí sé i bhfad ag dearca orra agus ba geárr gur thosuigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siubhan Bn Uí Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Both Loiscthe Íochtair, Co. na Gaillimhe