Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 038
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - Mac Rí Éireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Aon uair amháin bhí beirt fhear as Connamara ag teacht as Gaillimh thar-éis tárr féir a dhíol.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sé. "Wait for the chance". Céard atá sé ag rádh adeir Seán le Máirtín, tá sé ag rádh go gceanglócha[dh] sé lé slabhraí muid a deir Mártín. Bhíodar ag ritheacht leó i gcomhnuidhe nó go dtáinic siad go dtí stábla, bhí an ocras ortha, agus fuair siad builín istigh ann. Dá mbéa[dh] braon bainne againn anois arsa Máirtín. Bhí teac dochtúra in-aice leó, agus bhí buidéil bhána ar an fuinneóga. Téirigh isteach a Sheáin agus fá buidéal bainne dhúinn, nach bhfeicfann tú ar an bhfuinneóig iad. Isteach le Seán. Ba mhaith liom buidéal bainne a fhághail más é do do thoil é, adeir Seán. Ní raibh aon Ghaedhilge ag an dochtúr agus n[í] raibh fhios aige céard a bhí Seán ag rádh. Thosuigh Seán ag cur a mhéir isteach in-a bhéal, ag innseacht go rud le n-ól a bhí uaidh. Ghlaoidh an dochtúr ar an mbuachaill aimsire agus d'fiafruigh sé dhe céard a bhí uaidh Sheán. Tá sé ag iarraidh fiacal a tarraingt adeir an buachaill. Chuir siad Seán in-a shuidhe síos agus tharraing an dochtúr fiacail uaidh. Thosuigh Seán ag cur a mhéir in-a bhéal, agus cheap an dochtúr gur fiacail eile a bhí sé ag iarraidh a tharraingt, agus tharraing siad fiacail eile. Amach le Seán agus dfiafruigh Máirtín dhó an bhfuair sé an bainne. Ó nach bac lé bainne ar seisean ac ní fhágfadh siad fiacail in-do dhrad.- Sgéal.
Mac Ríogh Éirinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitias Ó Céidigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe