Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go loch Coirb agus bhí faitchíos ar dhuine ar bith bacadh leis. Ach bhí duine de na Máilleachaibh in a chómhnuidhe i gCill a' Clogáin san am, agus cailleadh a bhean. Bhí triúr mac ag ag an Máilleach. Dubhairt an Máilleach leis an dá mac ba shine, dul agus fanacht in aice an uaigh; agus gan an neasg a leigint in aice an uaigh. Ach bhí an iomarca faitchíos ortha. Annsin dubhairt an mac is óige go n-imtheóchadh sé féin ach an claidhimh a thabhairt dó. Fuair sé é sin agus fáilte. Chuaidh sé leis annsin go dtí an reilig. Nuair a bhí sé ag tarraint ar a dó-dhéag a chlog, chuala sé an ollphéist ag feadghail chuige i leith. Ní fada a bhí sé go bhfaca sé a cheann mór a’ teacht tríd an bpoll. Annsin thug an fear óg aon buile mór amháin dó is gur bhain sé an ceann de. Léim an ceann san aer agus nuair a bhí sé ag brath ar teacht leis an gcolann rinne sé dhá leith de. Ní fhaca aon duine an neasg ina dhiaidh sin.Níl mórán ciseacha nó tóchair timpeall na háite. Deirtear gur le h-ais an Bóthair Mór in aice le Maigh Cuillinn a cuireadh Mananann Mac Lir ina sheasamh suas.Aodh Ó Maidín
Cill a' Clogain
'Sé m'athair, Tadhg Ó Maidín a d'innis an méid seo dham.- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe