Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 226
- XML “An Long ar Eilteog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imthigheacht ins an long ar eltóg í do bhualadh de'n tsla[it] sa mullach, agus uair ar bith a m'beadh fonn air teacht anuas as an long ar eltóg í do bhualadh thiar ar deire.
D'imthigh Con leis ins an long ar eltóg agus budh ghearr gur casadh fear leis.
'Dia dhuit a Chon' adeir sé.
'Dia agus Muire dhuit', adeir Con
A dtóigfá mé, adeir an fear. 'Cé thú fhéin'? adeir Con. Is mise Stothán Iarainn.
Suidh isteach. adeir Con.
D'imthigheadar leó agus casadh fear eile leó.
Dia dhuit a Chon, adeir sé.
'Dia agus Muire dhuit', adeir Con.
'A dtóigfá mé, adeir sé?
Cé thú féin, adeir Con?
'Is mise Polláire na Gaoithe Móire.'
Suidh isteach, adeir Con.
D'imthigheadar leó agus budh ghearr gur casadh fear eile leó. Dia dhuit a Chon, adeir sé.
Dia agus Muire dhuit adeir Con.
A dtóigfá mé, adeir sé?
'Cé thú féin' adeir Con.
Is mise Cos ar Gualainn. Suidh isteach adeir Con.
D'imthigheadar leó agus casadh fear eile leó
'Dia dhuit a Chon adeir sé. Dia agus Muire dhuit ade[ir] Con. 'A dtóigfá mé' adeir sé?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 30
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe