Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 228
- XML “An Long ar Eilteog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Caith suas lochan uisge sin thíos, adeir an Rí le Con. Is géarr an mhoill orm-sa é sin do dhéanadh ar so[n] mo mháighistir adeir Tart Mór.
Rug Tart Mór ar an lochán le na bhéal agus chaith sé suas ar an tsráid é.
'Caith síos aríst é' adeir an Rí.
Chaith Tart Mór síos é.
Caithfidh tú féin agus mo inghin dul de'n Domhan Thiar agus buidéal fíor uisge a thabhairt as, agus má's túisge a bhéas mo inghin annseo ná tusa. ní bhfaghaidh tú mo inghin a Chon, adeir an Rí. Déanfaidh mise ar son mo mháigistir é arsa (D'imthigh) Cos ar Gualainn.
D'imthigh le Cos ar Gualainn agus le inghin an Rí. Leig Cois ar Gualainn síos an dhá chos ar an mbóthar agus d'imthigh leó.
Bhí go maith. agus bhí Cos ar Gualainn agus inghin an Rí ag casadh abhaile.
Dubhairt inghin an Rí le Cos ar Gualainn go mbfhear[r] dhóibh suidhe síos agus sgíth a leigeann.
Shuidheadar síos agus thuit Cos ar Gualainn 'na chodhladh. Chuir inghin an Rí biorán suain i gcluais Chos ar Gualainn.
D'imthigh le inghin an Rí agus bhí sí gar de'n teach nuair a dubhairt Con gurbh fhada a bhí Cos ar Gualainn amuigh. Cuir cluas le héisteacht cluais air féin, agus dubhairt sé go raibh Cos ar Gualainn 'na chodhladh, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 30
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe