Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 261
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag teact anoir as (ble) Baile Átha an Ríogh. Bí sé i bhfad amach san oidhche ní raibh aon duine lé feiceál aige.
Ní raibh sé i bfad anóir nuair a d'airigh sé rud éicint ag siubhal na dhiadh.
Imthigh a dubhairt an fear leis agus dubhairt sé nach n'intheóchadh.
Bhí an fear ag ceapadh gur'b é an diabhal do bhí ann. Tháinic faitchios ar sa deire. Ní raibh páidirín ná sgabal ná tada beannuighthe ar an bhfear le h-aghaidh é féin a choisreacan.
Bhí (fa) asal aige freisin. Sa deire chuimhnigh sé ar féin agus sgar sé a dhá láimh amach ar an gcroich Chéasta do bhí ar an asal mar bhí an t-asal beannuighe ariamh. Chomh luath agus a leag d'imthigh sé uaidh isteach go dtí teach sgoile Bhéal an Daingin.
Is fear as an Sgonsa do bhí ann.
Tá sé ráidthe go mbíodh an diabhal le feiceál ann.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Giolla Ghairibh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80