Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 287
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis go raibh an sagart a' glaodhach air.
D'fhiafruigh an sagart dhe cá raibh sé ag dul D'innis sé an sgéal de'n t-sagart agus dubhairt an sagart leis gur bhé fhéin a athair.
D'fhiafruigh an sagart dhó a bhfaca sé aon mhaide ag dul síos leis an sruith.
Dubhairt sé gur casadh.
"Sin í do mháthair" ar seisean, agus sin é an saoghal atá aice ó cailleadh í agus tá mise in mo shagart ó cailleadh mé.
Sé an fáth a bhí leis na trí lá bhreágh a fuair do mháthair: sin é an méid soláis a bhí le fághail aice. agus budh é sin an méid pionós a bhí le cur dhíom agamsa ná an choigchíos a fágadh mé istigh mar gheall ar an droch aimsir.
Cuireadh teachtaireacht liom ar seisean. agus d'innis sé dhó iad.
"Abair leis an gcéad fhear gur b'shin tuighe a ghoid sé (ón) ó na charas-críost agus mara nglanaidh sé amach ón sgraith í go mbeidh an braon anuas ann go bráthach."
"Abair leis an dara fear gan a bheith ag obair moch Dia Luain ná a bheith ag obair deireannach Dia Sathairn".
"Abair leis an tríomhadh fear gur triúr naomh atá aige agus nuair a rachfas tusa abhaile, iarr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe