Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 297
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go raibh an olann in a shnátha aice.
Dubhairt an bean leis an gcailín a rádh le bean an tíghe gurab í fhéin a rinne an snátha. Dubhairt an cailín go ndéarfhadh. Tháinic bean an tíghe tráthnóna agus bhí buidheachas mhór aice ar an gcailín.
Annsin d'ith an cailín a béile agus chuaidh sí a chodhladh. D'éirigh sí go moch aríst ar maidin agus thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le flainnín agus dubhairt sí léi ball de cuile éadach a bheith déanta aice sul dá rachadh an ghrian faoí tráthnóna. Chuaidh an cailín isteach san seomra agus ní raibh sí indon snátha a chur sa t-snáthaid, ní hé amháin ball de chuile éadach a bheith déanta aice. Ba gearr go dtáinic bean isteach a raibh "cos fhada" uirthe agus thosuigh uirthe ag obair go dian agus ba gearr go raibh ball de chuile éadach deanta aice. Annsin dubhairt sí leis an gcailín dá bhfiafhruigheadh an bhean dí an í féin a rinne an t-éadach a rádh gurab í. Annsin tháinic an bhean isteach agus dubhairt sí go mba togha cailín í amach is amach. Annsin thug an bhean isteach í agus d'ith sí a béile. Chuaidh sí a chodhladh agus d'éirigh sí go moch ar maidin. Thug an bhean isteach i seomra í a bhí lán le ceirthlíní snátha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Fhualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Stiophán Mac Fhualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe