Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 301
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuair sí iad. Chuaidh sé saus [!] ar mullach an tighe gearr sé an féar agus chaith se anuas ar an talamh é Ó arsa [!] ce'n sórt féar Naomhtha tusa nó cé bhéad airgid a tubras mé duit Níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis. Ní raibh se ibhfhad imtighthe go bhfacaidh sé teach araibh torn mór isthigh ann. Chuaidh sé isteac ann agus bhí an bean istigh agus í ag deanamh léine do'n t-sean-fhear sé'n chaoí a raibh mála plúir anuas ar a mhullach aice agus í ag gabhail go slis ar. Céard tá tú ag iarraidh dhéanamh mar sin arsa an fear a tháinic isteach. Tá mé ag iarraidh léine a dhéanamh do'n t-seanfhear sin nach raibh aon snátha go léine ar le rátha arsa an bhean. Bhfuil sgian ná siosúr agad ar seisean tá arsa an bean fuair sí siosúr agus thug sí dó é agus sgaoil sé aníos mullach an t-seanfhir Ó arsa an bhean cé'n sórt fear Naomhtha thusa nó cé bhéad airgid a thubharfhas mé duit níl mé ag iarraidh aon airgead ort ar seisean agus bhailigh sé leis agus ní raibh on mhilleán aige ar a bhean féin uaidh sin amach mar chonnaic sé a dhóthain óinseacha.
- Bailitheoir
- Máire Ní Lupáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Lupáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50