Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 309
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal.Bhí triúr mac ann fadó agus bhí go leór saidhbhreas aca
Bhí an duine ba shine dhíobh seo ag éirighe sean agus ní raibh sé indhon tada oibre a dh'éanamh
Dúbhairt an bheirt eile lé chéile lá amháin nach níocfhadh sé iad fhéin a bheith ag cothú an fhir eile nuair nach raibh sé fhéin indhon a bheatha a saothrú.
Bhí siad ag cuimhniú ar rud dona lé na chur faoí chois ach ní raibh siad indhon.
Faoí dheire chuimhnig siad ar é a bháthadh agus chuir siad isteach í mála é lé na bháthadh
D'arduigh siad leo é ins an mála é nó go dtug shiad go bruach na haibhne móire.
Dimthigh an bheirt mhac go dtí an teach ósta agus dfhág siad an mála agus an mac ar bhruach na haibhne.
Nuair a fuair an mac a bí ins an mála imthighte an bheirt eile tósuigh sé ag sgréachaoil agus ag rádh ós árd "go flaithis atá mé ag dhul, "go "flaithis atá mé ag dul,"
Bhí fear ag siúbhal an bhealach agus chuala sé é, agus dúbhairt sé, "Más go Flaithis atá tú ag dul rachaidh mise ann in táit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe