Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 312
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tabhair aire do na caoirigh sin amuigh agus ná leig d'aon mhactíre íad a mharbhu arsa an fear.
Chuaidh an máighistir amac in-éinfheacht leis an mbhuachaill agus thusbáin dó an áit a raibh na caoirigh. Ní raib an fear ibhfad imtighthe abhaile nó go dtáinig an mactíre agus mharbhuigh an buachaill é agus thug sé isteach marbh ag an bhfear é. "Is tusa an buachaill is feárr a bhí agam ariamh arsa an fear", act téirigh amach anois agus tabhair isteach trí cinn de na beithidigh fiadhaine atá san gcoill. Chuaidh sé amach agus b'fada go dtáinic sé isteach agus iad aige.
Téirigh soir don domhan shoir agus tabhair anoir an ceann atá ar thigh na bhfathach.
Chuaidh an buachaill soir agus b'fada go dtáinic sé aríst agus ceann tighe na bhfathach aige.
Nuair a tháinig sé isteach bhí litir sgríobhtha ag an bhfear roimhe agus dubhairt se leis an mbuachaill í thabhairt soir aca freisin. Tug sé soir í agus nuair a léigh siad í dubhairt siad leis go raibh an mháighistir ag iarraidh é mharbhú, agus an bhfuil sibh ag dul mo mharbhú arsa an buachaill, níl muid arsa ar siad san, acht teirigh abhaile anois agus marbhuigh an máighistir é féin. Tá go maith arsa an bhuachaill agus chuaidh sé go dtí teach an mháigistir. Nuair a chonnaic an máigistir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Lupáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe