Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aice d'imigh sé as amharc agus níor fachthas é ó shoin i leith.Nótaí: -- tá an bhean a dtáinig a dreáthair go dtí í beo fós. Teasbáineann an sgéal seo chomh deacair is atá sé a dhul go na flaithis nuair a choinncóchas cliabh móna amach thú agus is sgéal fíor é seo adeirtear. Bhí an fear cúpla bliain básuighthe nuair a chonnaic a drifúir é. Deir sé fhéin go raibh sé ag dul timcheall le fada ach (go raibh) nach bhfacaidh éinne é.Tá a dhrifiúr timcheall trí sgór bliain (60) d'aois, dubhair sí fhéin le daoine arís go raibh sé clúduighthe le fuil de bhárr an mada. Bhí a chosa agus a lámha agus a éadan gearrtha. Dúbhairt sé léithe freisin gan aon mhada a thiomáint amach san oidhche arís an fhad is a bhéadh sí beó mar go mbíonn anamacha bochta ag dul thart san oidche. Ag cur a gcuid purgadóireacht díobh ar an saoghal seo. Dubhairt sé go mbíonn an-fhaitchios ortha roimh madraí agus go dtéigheann siad ionnta nuair a dibhrightear amach iad mar sin. Fuair mé an sgéal seo óna mháthair -- Úna Nic Confhaola ar an badh lá de Nodhlag 1938. aois tuairim 40 bliain. Chuala sise ó'n mbean fhéin é.
- Bailitheoir
- Máire Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Úna Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 40