Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 344
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé le bheith marbh lá ar na máireach agus nuair a bheadh é baint trí stiall de agus go mbeadh a neart aige go deo.
Rinne an buachaill sin agus chuaidh sé ag obair ag fear eile agus sé ar sórt oibre a bhí sé déanamh ag tabhairt aire do beithidhigh mar bhí trífhathach gar d'on áit a raibh siad. An chéad lá leag sé cliadhe an chéad fhathaigh agus sgaoil sé na bheithidhig ann. Is gearr go dtáinig fathach amach chuige agus thosuigh siad ag
Dubhairt sé le "neart an tarbh brich" é a mharbhughadh agus mharbhuig sé é.
An dara lá chuaidh sé go dtí an dara fatach agus mharbhuigh sé é le "neart an tarb" agus an tríomadh lá rinne sé an rud céadna. Annsin bhí na trí fathaigh marbh aige.
Uair sa mbliain thagadh dragún ón bhfairrge le ingean an rí a shlúgadh.
Bhíodh na daoine uilig ann agus dubhairt an fear leis an ngasúr dá mbeadh sé ann go mbeadh sé marbh ag daoine. Ach nuair a bhí siad imthighthe chuaidh sé go dtí teach an céad fhathaigh agus ghléas sé é féin agus thug sé leis an capall ab'(leanann ar an chéad leathanach eile)