Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 352
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna1. Teachtaire beag ó theach go teach I is bíonn sé amuigh sa'n oidhche. (bóithrín)
2. Chomh h-árd le balla, chomh milis le mil, chomh bán le bainne, agus chomh dearg le fuil. (uball.)
3. Chuaidh mé suas an bóithrín agus tháinich mé anuas an bóithrín agus thug mé liom ar mo druim é. (dréimire)
4. Cárn dubh dorcha ag doras gach aon tighe. (cárn - aoilígh.)
5. T'athair mór ar chúl an chófra is dá chéad cóta mór air. (Gas cabáiste)
6. Chaith mé suas é chómh geal le eala agus thuit sé anuas chomh buidhe le ór. (ubh)
7. Sean fhear bocht. Bocht is dhá maide faoi na ucht is é ag silt na ndeor go fros. (fár doras lá báistighe)
8. Capaillín bán na suidhe le áill is é silt grán go tiubh, tiubh. (bróinte ag milt grán)
9. Capaillín bobáilte, bobáilte donn shiubhalfad se Éire is ní fhliuchfad sé a chos. (meach)
10. Tá éadan bán orm is lámha dubha agus is iomdha duine a bhreathnuigheann orm. (clog)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Liodáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71