Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fada bliadhanta ó shin bhí ciste óir i bfolach ag sean-fhear a bhí an=chráidhthe i dtaobh a chuid airgid agus le leisg é a bheidh ag aon duine ina dhaidh. Bhí sé an-sean agus bhí a fhios aige go raibh an bás gar dó.
Aon lá amhain chruinnig se a chuid airgid is óir le chéile agus cuir i mála beag e. Bhí teampall beag i ngar d'on teach agus bhí tom sheice innte. An lá seo chuaidh sé amach leis an airgead a chur ann agus bhí muinntír an thighe ag faire air mar bhí a fhios aca go raibh se le rud éicint a dhéanamh. Connaic siad é ag cur an toirt san tom agus d'fhan an sgéal mar sin go bhfuair sé bás.
Seachtmhain thar-éis a bháis agus nuair nach raibh aor tuairisg ar a chuid airgid chuaidh siad fo dtí an tom agus fuair siad sé céad punt idir sgilleacha agus eile agus bhí siad saidhbhir ina diaidh.- Bailitheoir
- Sorcha Ní hAllmhuráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní hAllmhuráin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe