Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus sé an saidhbhreas do bhí aige gabhar, asal, cearc, teaithin beag ceann tuighe agus píosa beag talamh sléibh teamhail
Ní raibh aon fhear i n Éire ba sonasaigh ná é mar bhí bainne as a ghabhar agus uibheacha ag a chearca agus thug an talamh neart beatha dhó.
Do bhí se séanmhar sásta. Anois bhí fear saidhbhir i na-chomhnuidhe i n-aice leis a raibh neart de mhaoin an t-saoghail aige airgead agus ór agus chuile rud níos fearr ná a chéile. Ní raibh an fear seo sásta: ó mhaidin go h-oidhche bhíodh sé ag clabhsán is ag teasacht agus bhaist na daoine "Cráidhteachan" air agus bhaist sias "londubh" mar ainm ar fhear eile. Bhí pícha na chomhnuishe i n-aice leis an mbeirt ata. Do chuaidh an púca agus bhain sé an bainne dé gabhar an craidhteachán agus thug sé leis e agus thuithy na slinnte dhá theac agus ní raibh aon uibheacha ag a chuid cearca agus níor fhás i na gabhaltas breágh talamh ach neanntóga. Nuair a dhún an púca beárna amhain d'fhósgail se béarna eile d'on "londubh".
Bhí gach rudh níos fearr ná a cheile ag an "Londubh" anois agus an "craidhteachán" ar an mbhóthar. Do mhúin an púca ceacht dó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mháithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79