Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 470
- XML “Tobar Naomh Conall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fear an-léigheanta do bhí ann.Bhí sé na chomhnuidhe i dteampall a thóig sé féin agus bhí tobar i n-aice leis agus gach lá theighead sé síos ag an teampall ag guidhe Dé agus deireadh na daoine go mbíodh aingeal na sheasamh le na thaobh an fhad is bhíodh sé ag ghuidhe agus lá nuair a bhí sé ag guidhe cailleadh é agus nuair a fuair na daoine é bhí sé sa conra le h-ais an tobair agus é caillte. Deirtear gur é tobar Naomh Conall an tobar is naomhtha amuigh.Téigheann daoine ann ag tabhairt turais uair ar bith is maith leob. Tá sé déanta istigh i reillig, é féin ag an teampall. Bhíonn uisge sa tobar gach bliadhain. Tá Conall curta istigh sa teampall. Tá cuid mhaith de'n teampall tuithte anois.
- Bailitheoir
- Áine Ní Mháithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79