Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 343
- XML “Pota Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean fhear san gceanntar seo agus bhí sé ráidhte go raibh go leor airgid aige. Bhí beirt mhac agus inghean aige. Bhí an sean-fhear go cruaidh agus bhíodh sé ag obair go santach. Ní chuireadh sé leath-phinghinn ná pinghinn amúgha. Bhíodh sé ag saothrú i gcomhnaidhe. Nuair a bhí sé ag fágháil bháis d’iarr duine dhá chloinn an t-airgead air agus dubhairt an t-athair gur chaill sé é fadó an lá nuair a bhí sé ar aonach agus é ar meisge.
An oidhche roimh an mbás, bhí trom-chodladh air agus chonaic a mhac Seán é ag dul go dtí na rataí ag leagaint a láimh ar an airgead. Séamus an t-ainm a bhí ar an mac eile a d’iarr an t-airgead air. Bhí faitchíos air go mbéadh Seán ag iarraidh leath den airgead agus níor bhac sé leis an airgead go ceann sgathaimh. Cailleadh Séamus bliadhain ina dhiaidh sin. ‘Sé an bás a fuair sé, báthadh é agus níor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Grialluis
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe