Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 353
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean SgéalBhí bean agus fear ann fadó. Sé an t-ainm a bhí ortha Nóra agus Domhnall agus ní raibh duine ar bith sa teach acht iad fhéin. Bhí cat agus luch ann freisin. Chuir Nóra síos pota leite. Nuair a bhí sé bruithte dubhairt Nóra le Domhnall breathnú amach go bfeicfeadh sé an raibh aon duine ag teacht. Breathnuigh Domhnall amach agus céard a d'feicfeadh sé ach cailleach mhór ag teacht.
Chuaidh 'chuile rud i bhpolach. Cuaidh an luch 'san bpoll agus chuaidh an cat i bhpolach agus chuaidh siad fhéin ar an lota. Tháinig an chailleach isteach agus d'ith sí a dóthain. Dubhairt Domhnall léithe imtheacht agus gan an méid sin a ithe. Dubhairt an chailleach leis breathnú anuas agus bhreathnuigh. Bhuail sí bos ar a chúl agus chaith sí síos sa mála é. D'imthigh léithe agus thug sí léithe Domhnall sa mála. Nuair a bhí sé ag dul thar gháirdín dubhairt sé "ní dheacha mo mháthair-sé thar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe