Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach raibh diobh. Ní mar sin a chur an Rí iad acht chuir sé Árdán agus Ainnle le taobh a chéile agus chuir sí Déirdre agus Naoise ar gach taobh doibh. Lá amhain d'fhás crann beag as an uaigh aníos as an áit a raibh Déirdre curtha agus chuaidh sé anonn treasna go ndeacha sé an áit a raibh Naoise curtha. Tháinig an Rí ag vreathnughadh ar an uaigh agus chonnaic sé an crann beag fásta agus ghearr sé é agus chaith sé uaidh é. Lá ar na bháireach bhí crann níos mó fásta eatorra acht gearr an Rí aríst é agus chaith sé uaidh é. Nuair a tháinig sé ann an triomhadh uair bhí sé fásta ina choill mhór agus ní fhéadfá breathnúgh uirthí bhí sí chomh mór sin agus is ann a ghlaodhann an chuach an chéad uair a thagann sí go h-Éirinn.
- Faisnéiseoir
- Seósamh Seóige
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe