Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhí an cáca bruithte thug sé dó é agus dubhairt sé leis gan é a ithe go rachadh sé abhaile agus níor ith. D'fhág sé slán ag muinntir a' tíghe agus d'imthigh sé leis. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nó gur casadh fear leis agus d'iarr an fear air theacht inaoinfheacht leis agus go raibh aith-ghiorra san mbóthar a raibh sé ag dul. Nuair a bhí dhá choiscéim siubhalta aige chuimhnigh sé ar an gcómhairle a chuir an fear eile air agus dubhairt sé leis an bhfear go rachadh sé an bóthar mór. D'imthigh sé leis arís agus ba ghearr go bhfaca sé solas i bhfad uaidh agus thriall sé ar an solas. Nuair a tháinig sé chómh fada leis an solas chonnaic sé teach agus chuaidh sé isteach ann. Bhí bean óg san teach agus bhí sí pósta ag sean -fear. Annsin d' iarr an sean-fhear ar an bhfear siubhail fanacht in a theach go maidin agus chuimhnigh sé go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mich Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe