Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é gan ithe d'aon bhord nó go mbéadh sé ins an domhan thoir. Tháinig an fathach isteach agus chuaidh sé ag troid leis. Sgaoil Seán an treas cáca uaidh agus rug an fathach air. Thosuigh sé dhá ithe agus annsin seadh daithnigh sé gur b'é fhéin uncail an bhuachalla. Thug sé isteach é agus d'fhiafruigh Seán dhe cé'n bealach a rachadh sé chuig an domhan thoir. Dubhairt sé leis go mbíodh eala bhán ag teacht isteach chuig an oileán a bhí amuigh ar an bhfairrge gach lá agus go dtiubharfadh sí chuig an domhan thoir thú. Chuir sé Seán amach ar an oileán agus tháinig an eala bhán isteach. Bean a bhí innti acht go raibh eala bhán mar leas ainm uirthe. Bhain sí dhe a cuid éadaigh agus chuaidh sí amach ar an bhfairrge. Nuair a bhí sí amuigh fuair Seán a chuid éadaigh agus nuair a tháinig sí isteach bhí an téádach ag Seán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe