Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a mhaide shiubhail agus nuair a bhí sé leath-bealaigh soir chonnaic sé beirt fhear agus iad ag tabhairt fear a bhí cáillte leó chuig an mbruighín. Bhain sé an fear uatha agus thug sé isteach chuig a mháthair é agus dubhairt sé leis fanacht annsin nó go dtiocfadh sé fhéin ar ais. Chuaidh sé isteach san teach a raibh an fear caillte in a chómhnuidhe ann agus bhí chuile dhuine san teach ag caoineadh. D'fhiafruigh sé dhóibh a raibh fhios aca céard a bhíodar a chaoineadh nó cé'n an [!] fáth a rabhadar ag caoineadh chor ar bith, agus dubhairt sé leó eirghe as. Dubhairt an t-athair nach bhfagfad sé an teach nó go n-ionnseóchadh sé dhó cé'n fáth a ndubhairt sé é sin. Dubhairt an fear leis a theacht leis fhéin agus cheapadar gur saobhachán-céille a bhí air. Fuaireadar an fear agus thugadar abhaile leó é. Nuair a chuadar isteach san teach d'imthigh an fear a bhí ar an gclár amach thríd an seimléar mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cóilín Seóige
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe