School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 403
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an bó tugtha leo ag na sióga agus bhíodh sé ag aireachas i gconaí ar an mbó. Lá amháin chonaic sé an bó ag teacht chuid an laoigh sa ngarraidhe. Tháinig sé féin agus fear eile agus shíleadar breith ar an mbó. Chuir duine acu trí chorr de draoibeal na bó ar a láimhe agus shíl sé í a chóineáil ach de theip air. Tharraing an bhó chuig an mbruighín é. Bhí cuid de na sióga ag iarraidh é a chuir ag ithe agus an chuid eile ag rá leis gan a dhul.
Ansin duradar leis an fear, “Tagann sluaigh sí Cúige Chonnacht agus sluaigh sí Cúige Mumhan le chéile gach oíche Shamhna ag troid lena chéile”, agus dúirt duine acu “beidh fuil ar smuit agus mailidhe gearrtha”. Maidin moch a bhí ann agus bhí an tráigh agus na slata mara daite le fuil. Oíche amháin bhí a bhean ag sníomh agus tháinig beirt bhan isteach ag sníomh in aoinfheacht léithe. Chuaigh sí amach ag iarriadh uisce le tae a(continues on next page)- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Ó Laigidh
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe