Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 416
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imtheacht ar fud na tíre ag iarraidh mná. Tháinig sé fhéin agus a uncail chuig teach a bhí ins an áit agus bhí cailín óg ins an teach. D'iarr a uncail dhó í agus fuair sé í acht dubhairt sí leis sul a bpósadh siad go mbéadh air dhá bhó agus capall a cheannacht. Bhí sé an-tsásta na beithidhigh a cheannacht agus nuair a bhí sé ag dul ag an aonach dubhairt sé le na mháthair an teach a ghlanadh agus a réidhteach mar is gearr go mbeidh bean eile san teach inéindigh leat. D'imthigh leis chuig an aonach agus d'fhan a mháthair ins an teach ag glanadh agus ag réidhteach an tíghe. Nuair a bhí an fear ar an aonach cheannuigh sé dhá bhó agus capall. Chuaidh se ar an gcapall agus bhí an dá bhó ag siubhal roimhe. Bhí dún sídheóga ar an mbealach agus nuair a bhí sé ag teacht inaice leis sheas an capall agus ní shiubhalfadh sí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cóilín Seóige
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe