Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 474

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 474

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 474
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do b'é Louis VIII an rí a bhí ann agus dubhairt sé le fear dar b'ainm "Macaire" teacht chuige. Dubhairt sé le "Macaire" rith amach agus an doras a fhágáil fosgailte. Rith an mada amach agus lean sé é agus thosuigh siad ag troid. Marach gur rug na daoine greim ar an mada bhéadh "Macaire" marbhuighthe. Bhí nós ag na daoine an tam sin dá mbéadh duine marbh agus gan fhios ag aon duine cé mharbhuigh é acht ainmhidhe cuirtí an bheirt ag troid agus an té ag a mbeadh an bhuaidh sin é an duine a bhíodh ag innseacht na fírinne. Ar chuma ar bith dubhairt an rí go gcuirfeadh sé "Macaire" agus an mada ag troid. Thosuigh an troid láithreach. Bhí an mada ag sgreaduighil agus ag leimnéach chuile áit thar timcheall air. Rug sé greim ar "Mhacaire" agus leag sé ar an urlár é. Chuir sé a chuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Nágla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Laighidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gólam, Co. na Gaillimhe