Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- XML Leathanach 135
- XML “An tEistre”
- XML “An Chluaisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le dreidire atá déanta ar nós béal sáibh agus timceall feadh go leith ar dóimhneacht d'eangaigh is mó thógtar íad. Is ins an ngraineamh garbh agus in-aice an fhíor-uisge is mó faightear íad, Se an dreidire a chartas amach as an ngaineamh íad agus an líon nón eanthaig dhá ngabhadh. T'réis go bhfuil a chuid bídh an-deas le n-íthe ní mórán aca thógtar sa taobh tíre seó mar níl an deis cóireamhail aca le n-aghaidh.
- Tá an iosamhlacht ag an gcluasín leis an muirín. Tá an chluaisín níos lúgha agus an sliogán atá air níos díríghe, sin é an chaoí a naithníghtear é thar an muirín. Is a bhfastóbh ar clocha a sáightear an chluaisín. Níl an chluaisín le fághail chomh fairsing leis an muirnín. Ní breac é an chuaisín a bhfuil mórán tóir air anois, mar níl eolas ceart ag na daoine air le aire a thabhairt dhó. Deirtear go mbíonn an chluaisín ag tabhairt uaidh ó thugtar as an bhfairrge é. Níl air an gcluaisín acht aon chluais amháin, agus sin é fát a dtugtar an tainm air. Sé an chaoi a mbruithtear sa téine é agus bíonn sé an deas le nithe. Sé an tám céadhna a shíolruígheas an chluaisín agus an teistire. Sa ngaineamh agus faoi chlocha a faightear é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Fionntáin
- Inscne
- Fireann