Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug a bhullán leis. Ar chóirnéal an aonaigh seadh chuir sé gaoithe ann. Ba gearr annsin go dtainic ceannuightheóir go dtí é. D'fhíafruigh sé don ghaduidhe cé mhéad a bheadh sé íarraidh ar an mbullán. Dhá chéad púnt a deir an gaduidhe. Dimthigh an ceannuightheóir úaidh an turas seó. Bhí seacht nó ocht de sé pinghneacaí san mbullán aige. Chúile íarra bhúaileadh sé air thuiteadh trí sé phinghne amach as. Tháinic an ceannuightheóir go dtí é aríst agus d'fhiafruigh sé dhó cé mhéad a bhéadh sé iarradh. Rud céadhna arsa seisean. Ta tú ró-dhaor arsa an ceannuightheóir. Ó níl a deir sé mar tá nós ar leith ag baint leis sé sín ag breith sé phinghneachaí. Bhúail se búille den mhaide air agus rug an bullán trí sé pinghne. Níl agam a deir an ceannuightheóir ach 190 púnt. Tá sé ceart a deir an gaduidhe. Anois a deir an gaduidhe le na mháthair cen islighe bheatha is fearr ná gadúidheacht.
San oidhche lár na aríst bhí an gaduidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe