Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Líonán
- XML Leathanach 070
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó d'ith siad trí béilí sa lá. An chéad bhéile a d'ith siad an bricfeásta a bhí mar ainm air. An dara bhéile a d'ith siad an dinnéar a bhí mar ainm air, agus an tríomhadh cheann a d'ith siad an suipéar a bhí mar ainm air. D'ith siad an bricfeásta ar maidin. An dinnéar a d'ith siad é i lár an lae, agus an suipéar d'ith siad é sa tráthnóna. D'ith siad fataí le haghaidh an dinnéir, agus an suipéar bhí bainne agus íasc aca leis na fataí mar bhí go leór bainne aca. Bhí an bórd í lár an urláir acha nuair a bhí siad ag ithe agus bh sé cois falla nuair nach mbíodh siad ag ithe. Cistí mín coirce a bhí acha. Do rinneadar na cistí mín le bainne, bláthach, agus plúr. Fataí is mo a d'ith siad mar bhí plúr daor agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tómas Ó Feathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann na nGeimhleach, Co. na Gaillimhe