Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceann seachtmhaine. D'imthigh an teachtaire agus teineadh len'a shálaibh.
Bhí an mhaighdean an chráidhte in sa laethibh d'ár gcionn acht dá dhonacht dá raibh sí bhí mac an ríogh ní ba mheasa. Lá ar na bhárach thug sí a cuid lucht airm amach ag tabhairt cleachtadh dóibh agus bhí siad i ndon a gcuid airm do chleachtadh go cliste acht dá fheabhas dá raibh síad ní raibh aon sásamh aigne ar an mhaighdean mhara. Thug sí léithe a cuid searbhóntai agus thug sí dreas cainnte dóibh. Mhol sí cuid agus cháin sí tuille. Dubhairt sí le'n a searbhóntaí dá gcaillfidhe í, í chur n a leithead seo d'áit. Thug sí aghaid ar mac riogh Éireann agus dubhairt sí dá gcaillfeadh sí an (teach) cath, a dhithcheall a dhéanamh chun caislean a athar a bhaint amach má b'féidir é. D'fiafruigh sé an mbeadh aon láimh aige féin sa troid agus dubhairt sí nach mbeadh.
Faoi dheireadh tháinig lá an troda. Leigeadh fead, crocadh brat leis an aistear fada chur dóibh. Faoi dheireadh nuair bhí an lá ag imtheacht agus an oidhche ag teacht, dorchadas ag cruinniu, cor réaltóg annseo agus annsúd ar an spéar, an chearc tar éis na héiníni a tharraingt faoi 'na sgíathán, na caoirigh 'na luighe ar na bántaibh, tháinig siad isteach i ngleann mór ar deireadh. Bhí caisleán mór bán istigh sa ngleann. Chuir an mhaighdean fáilte rómpa. Thug sí biadh agus lóistín na hoidche dóibh. B'éigin dóibh bheith 'na suidhe le eirigh na gréine. D'eirigh an dá dream le eirighe gréine lá ar na bhárach. Thugadar aghaidh ar a chéile le sgeanaí an treas fuobhair, le claimhte a dhéanfad solus i ndorchadas. Thosuigh an cartú agus an rúsgadh, buaileadh agus aith-bhuaileadh. An fhuaim a bhí ag a gcuid buillí ní rabhadar ag fágail marlach i mbean, banbh i gcráin, searrach i láir nach rabhadar ag iompódh naoi n-uaire tuathul leis an bhfuaim a bhí ortha.
Bhí mac riogh Éireann ag dearcadh ar an troid agus a súilí ag dul amach in a cheann le iongnadh. Bhí sé ag tabhairt faoi ndeara(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe