Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 348
- XML “Cleasanna <span class="exact"><span class="token">Oíche</span></span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cleasanna Oidhche ShamhnaCrochtar suas ubhall le sreangan agus déantar iarracht greim a thabhairt air le na bhéal agus an chéad dhuine a thógas greim láidir air tugtar an t-ubhall dhó.
Fághtar tubáin agus líontar le uisge é agus chuirtear píosa trí píghne síos ann agus deanann gach duine iarracht breith air le a bhéal agus an chéad dhuine a bheireanns air, bíonn sé aige.
Fághtar trí fó-cupáin agus chuirtear créfeóg ar cheann acu, fáinne ins an gceann éile agus uisge ins an tríomhadh ceann. Annsin chuirtear dallóg ar duine éichínt agus má chuireann sé a lámh ins an gcréfeóig ‘sé an chéad dhuine a gheobhfas bás. Má chuir-eann sé a lámh ins an uisge rachaidh sé thar léir, agus má chuireann sé a lámh ar an bhfainne, phósfaidh é.
Tagann buachaillí an bhaile le chéile agus chaitheann síad cabáiste agus rudaí éile ar na fuinneóigíbh agus na doraisíbh le faitchíos a chur ar na daoiníbh istigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mám Gamhna, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Mám Gamhna, Co. na Gaillimhe