Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Catach agus an Lon DubhBhi beirt fhear in a gcomhnaidhe in Éirinn ibhfad ó shoin. Bhíodar ag Coláiste ar feadh seacht mbliana agus bhíodar an fóglumtha. Bí bean óg ina comhnaidhe ins an áit agus bhí a h-athair an-tsaidhbhir. Bhí an chion ag an mbeirt fear ar an mnaoi óig. Faoi dheireadh throideadar agus mharbuig duine aca an duine eile 'S iad na h-ainmneacha a bhí ortha ná an Catach agus Lon Dubh agus bé an Catach a marbuigeadh.
D'imthigh an lon dubh agus d'innis sé don mnaoi óig go raibh an Catach marbh aige agus go mb'fearr di é féin a phósadh ac dubhairt sí leis go feargach nac bpósfadh sí aon fhear go bráthach a rinne an cleas náireach abhí déanta aige agus dubhairt sí freisin dá mbeadh aon rud le fáil a leighiseocadh an Catach go bhfuigheadh sí é.
D'imthigh sí annsin go dtí an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe