Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 427
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bád mór ag teacht isteach le gual chuig an Mám. Báitheadh an bád agus é i n-aice leis an gcosta. Bhí beirt fhear ann acht sábháileadh iad agus tugadh an chuid is mó de'n gual as.Bhí bád ag teacht amach as an Oileán Mór tamall maith ó shoin ó damhsa a bhí ann agus báitheadh iad. Bhí daoine ar an traigh agus chualadar an sgreadaighil acht bhí an oidhche doircha agus níor fhéad siad dul amach chuca. Chuaidh an bád suas ar chloich agus cuireadh poll air. Ceathrar a bhí sa mbád. Chual'a na daoine a bhí ar an tráigh ag gáire iad roimhe sin.Báitheadh buachaill beag i n-abhainn atá i n-aice le Leac Aimhréidh.Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCloigcheam sé an t-ainm a bhí air Séamus Breathnach. Chuir an tighearna talmhan as a seilbh é.Bhí an droch-tighearna talmhan san áit seo, an tighearna Liathroime. Dhúnfadh na daoine na doirse air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droigneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe