Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 431
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa mbliain 1919 bhí gaoth an-mhór san áit seo. Thóg sé báid agus feamuinn agus scaip sí ar fud na sléibhte iad. Do tógadh an ceann de sheid agus de theach ar an gCeathramhadh Garbh agus cuireadh amach go Dubhachta iad. I mí na Márta a thárla sé. Tógadh currach as Rosmuc agus cuireadh amach go dtí na sléibhte é i n-aice leis an Mám. Tógadh bád eile as an gCeathramhadh Garbh agus cuireadh leath-mhíle bealaigh sa ngaoith é. Bhí an bád ceangailte le slabhraí. Timcheall leath-blian ó shoin a fuaireadar an bád.I bhfoghmhar na bliana 1930 tháinig an tuille is mó dá raibh san áit seo ariamh. Do sguabh sé go leor cruacha féir agus coirce agus chuaidh an tuille isteach ins na tighthibh agus bhí na rudaí a bhí ionnta ag snámh ar an uisge mar bhí an t-uisge chomh h-árd sin. Bhí na fataí go léir lobhtha aige.
Bhí droichead ag an Mám agus bhí sé chomh pacáilte le rudaí a d'imthigh leis an tuille nach raibh aon bhealach ag an uisge dul amach faoi. Bhí sé ag dul amach ós cionn an droichid. Bhí na h-aibhneacha agus na srutháin ag dul thar maoil le uisge. Do cuireadh gach bád nach raibh ceangailte go maith ar an loch. Chuaidh a gcuid bád amugha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe