Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 497
- XML “Bóithre an Cheantair”
- XML “Naomhphátrúin an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo bhí an droch-saoghal ann agus ní bhfuair na fir a bhí ag obair ach ocht no naoi bpighne sa ló. Nuair a bhíodar dhá fheistiú suim blianta ó shoin fuaireadar bosca mór ime sa talamh ann. M. Ní Chonaire, Druim Snám, An Mám
- Bhí NAOMH ÉANNA sa gceanntar seo fado ach níor fhan sé i bhfad ann. Bheannaigh sé tobar sa nDún, Baile atá cúpla míle siar ó Chornamóna. Tobar Éanna a tugtar air agus tugann na daoine turas ann gach blian. Ní riabh aon cill nó mainistir san áit seo aige. Ní bháistear mórán leanbh i n-ainm an Naoimh sin anois. Deirtear go raibh leac sa Dún agus gur b'é an t-ainm a bhí air Leac Éanna. Dá n-iompóchadh duine an leac sin ar inntinn rud eigin a dhéanamh ar chomharsa deirtear go cinnte go dtárlóchadh rud eígin dhó feín. Bhí breac bheag sa Tobar Éanna agus thug na protastúnaigh leo é. Chuireadar ag bruith ar an tlú é. D'eírigh an bhreac agus chuaidh sé ar ais san tobar arís agus lorg an tlú in a thaobh. Tá reilg beag i n-aice an tobair agus cuirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Conaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe