Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 529
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl mórán táilliúir san áit seo anois acht fadó bhíódh go leor tailliúirí ann, agus theighidís thart ó theach go teach ag déanamh éádaigh. Caithidís seachtmain uaireannta i gcuid de na tighthe ag obair. Ní bhídís ag díol éádaigh. Is sa mbaile a oibrigheann siad anois. Caitheann cuid de na daoine eadach a deintear san áit. Breidín a tugtar air. Deintear é as olann glas-caorach agus bionn figheachán cnamh an scadaín i gcuid de.Nuair a bhíonn culaith éadaigh ag teastáíl ó dhuine, ceannuigheann sé eadach sa siopa agus tugann sé chuig an taillúir é. Tógann an táílliúir a thomhas ar dtús le miosúr. Bíonn an culaith déanta i gceann coigcíse no mar sin. Is iad na gléasanna oibre a bhíonn ag táílliúir ná siosúr, miosúr méaracán anáth agus snáthaidí. Níl gleás fuaghála ag aon duine de na táílliúirí atá tart annseo. Ceannuigheann cuid de na fir cultacha éádaigh sa siopa ach ní bhíónn siad leath chomh mhaith leis na cultacha a dheineann sa táílliúirí sa mbaile.Fadó bhíodh na tailliúirí ag rádh gach lá go mbeadh na h-éadaighe déanta acu do na daoine, agus nuair a thagadh duine i gcoinne an éádaighe ní bhíodh sé déanta chor ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Floinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe