Scoil: Páirc na Sceach (uimhir rolla 13856)

Suíomh:
Páirc na Sceach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Sceach
  2. XML Leathanach 421
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amuigh ar an mbóithrín agus é ag rith I ndiaidh na mná. D’fhan Tomás is an cleasuigheadóir ag cainnt agus níor airigheadar an t-am ag dul thart. Níl fhios agam cháide a bhíodar ag caint faoi, ach, sa deire thugadar faoi deara nách raibh Séamas ag teacht. Annsin chuadar ar a lorg agus mo léan fuaireadar é agus é glionndarach agus bean mhór reamhar fá na ascail aige. Annsin tháinigh fearg ar Thomáis agus dubhairt sé “Tuige nách bean óg a fuair tú seachas bheith ag pósadh sean bhean mar í sin”. “Bean óg í seo agus tá go leor saidhbhreas aici agus pósfaidh mé í freisin, tú féin a rinne suas an cleas agus bíodh an locht ort féin anois”, arsa Séamas. “Seo”, ar seisean, “bainidh gloine as an mbuidéal seo agus tar siar go dtí an teach go ndéanfar an cleamhnas”.
    Sgríobhta ag Máire ní Cheara, Barr na Crannaighe, ó ‘na shean-uncail Mícheál Ó’Flannacha, feilméar, Barr na Crannaigh
    Gaillimh.
    Sgríobhta, Aibreán 1938.
    (1) Féuc an scéal roimhe seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Flannachadha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Barr na Crannaí, Co. na Gaillimhe