Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé 'gá dtairraingt amach aige dubhairt sé sean-fhocal nár sháruigheadh ariamh. "An té a rugadh le na chrochadh ní féidir é a bháthadh." Do chrocadh "Seán na gCapall" agus b'shin é an méad chapall a ghoid sé ariamh.
"Sean céardanna"Figheadh an lín éadach sa chomhursanacht seo timcheall caoga bhlian ó shoin. D'fhás an lín mar a fhásann an coirce anois, agus bhíodh blath gorm ag bárr na ndís. Bhaineadh, shabháluigheadh, agus bhualadh é, agus annsan rugadh na punainn go poll mhóine agus d'fhagadh annsin ar feadh tamaill iad go dtí gur thuit an sgraimh a bhiodh ar an dtaobh amuigh den líon dhe. Bhíodh sé reidh annsin chun an lín éadaigh a dheineadh as.- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Mrs Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh