Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go raghainn 'on uaigh,
Ó fágadh chómh dealbh sa tsaoghal me is mo charaid go léir faoi fhód
A Dhia go dtugair chúghat féin [me] ó thugais mo chéad searc uaim.Raghadsa is mo Chittí ag Bháilcéireacht amach fés na sléibhte cuain,
Nú in Oileáinín mhara linn féinig, mar a dtagann na héin chun suain;
Bheinnse annsúd d'á h-aodhaireacht is na gaobhar ní leigfhinn aon fhuacht
Do thabharfhainn-se sealad d'á bréagadh is do chuirfhinn mo laogh chun suain.Ach ceannóchad-sa bheist agus bríste a sheasóchaidh le saoghal na bhfear
Mo fheasóig ní bhéarrfaidh me choidhche nó go bhfásfaidh sí síos ar fad;
Fágfaidh me ag sileadh liom síos í fé mar a bheadh ollan ar chaora ghlas
Is mar a bhfaighidh me bean ins an dtír seo rachaidh me síos ar fad.- Faisnéiseoir
- Pádraig T. Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann