Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 595
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lé linn iad a bheith ag imirt na gcártaí thuit cárta ó dhuine aca agus thóg sé é. Annsan chuaidh fear eile ag áiteamh air gur uaidh féin a thuit sé agus thosnuig an tiormiosg eatorra.
Bhiodar ag bruígheann agus ag bualadh a cheile nó go dtuit duine aca fuar marbh ar an úrlár. D'imthig an marbhitheóir abhaile leis ag fágaint a chompánach marbh. Lé línn dó bheith ag siúbhal thar pluais mór dorcha a bhí ar a shlíghe abhaile do chonnaic sé madra mór dubh ann. Do lean an madra é go dtháinig sé chómh fada lé doras a thíghe. Annsan do chonnaic an fear an cárta a thuit uaidh ar dhroim an mhadra agus ruith sé isteach sa tig. Do thuig an fear annsan gurbh é an diabhal a bhí fé'n mbórd an uair a thuit an cárta uaidh. Níor chuaidh sé ag imirt cártaí riamh ó shoin.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Séaghdha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí