Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 656
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mo anród agus cruadhtan a rug ar na daoine bochta fadó. Aon oidhche amháin chuaidh crú ó Bhaile na nGall ag iascach, bheirt de mhuintir Conchubhair agus duine de mhuintir Gromaill o'n Mhuirbhig. Amach sa oidhche d'éirigh stoirm agus do bátad lucht na naomoíge sin. Timcheall le trí fichead blian ó shoin do briseadh artach i gCuas na Ceannairí. Do caithead an ártach agus gach a raibh inntí isteach i measc na gcarraigeacha. Bhí faill os a gcionn a bhí ceithre mhíle troighe ar aoirde. Bhí ceathar máiréalaig san artach agus thosnuigh duine aca ag drapadhóireacht suas tríd an bhfaill agus ní geobhaid cat ins an áit a ghaibh sé.Tháinig sé go dtí cúpla tigh i bparóiste Murach ach ní tuighaidís cad a bhíod sé ag rádh. Bhíodh sé ag deanamh cómhartaí agus ag sínead a mhéir i dtreó na faille ins an áit a fhágh sé na fearaibh eile na diaidh. Is gearr go raibh muintir an pharóiste go léir bailighthe timceall air agus chuadhar i n-aonacht leis go dtí an bhfaill agus is amlaidh a bhí ceathar fear shíos fé bun na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí