Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 008
- XML “An Gabhar Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Tá an baile seo bobhar aige mo ghabhar sa ó racaidh sé in aois,
Tá leabaidh fé m'dhrom is mó lom ní bogadh le mí.
Tá na cearcha sa chrann is nil dabhat ná go bhfuil fán ar na h[?]
Is nách annluighthe an dall aon adhbhar fir le easbadh bean tíghe.
IV
A fhirín úd thall bí ceannsa cneasta léd' mnaoí,
Mar is measa dhuith uait í go mor na a mbaireann dod' bhuide
Nuair a bheir go trom fonn ar do leabaidh id luighe,
Beig sí aige do cheann gach am is í ag bogadh na dighe.
V
A Phádraigh Uí Sheaghdha faigim réim ort is racmas thar bhárr,
Nuair innseas mo sceal dhuith ní breag ná gur thuigis mo chas
Thugais garraí bréag cré dhom féar ann is aiteann fé bhláth,
Agus seachtain na dhiaid sin shcéid sé bainne trí ghárt.
VI
Mallacht mo mhéire ar einne beo a leanfhad mo shlíghe,
Ná a bhronfadh a saogalatach go léir ar einne beo a mhaireann dhá
Ná comeadhfadh rud eigin aige feiníd nuair a thiocfadh an aois
Agus gan a bheith na bhotaínín bheag aonrach is gan einne aige a flíoc[?]- Bailitheoir
- Seamus Mac an t- Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí