Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Diarfhaid an duine uasal do an raghad sé chúige mar bhuachaill aimsire mar go raibh sé ag tógaint caisleán agus an méid a bhíonn tógaithe is ló aige. Bíonn sé leagaithe ar an dtalam an mhaidean na dhiaid ag triúr fathaig atá san áith.
Do gheall sé chúig phúint don dtáilliúr dá bhfanfhad sé aige an oidhche sin. Do bhí an táilliúr lán tsásta leis an margad agus theaspáin a chlaideam den bhfear uasal. Do leath a dhá shúil don bhfear uasal ar fheiscint na bhfocal a bhí scríobhtha ar an gclaideam agus bhí áthas a chroide air í dtaobh go raibh gaiscidheach ionntach aige a mharbhóchadh na fathaig.
Nuair a thuit an oidhche do chuaid an táilliúr amach go dtí an gcaisleán agua a chlaideam ar biorra na lámh dheis aige. Níor fhada gur fheaca sé chuige fathach teann teaghardha agus fuadar nimhe fé ag leagad agus ag réabhad an chaisleáin. Do thug an táilliúr sciúrd ratha fé an bhfathach agus bhain an ceann de.
Nuair tháinig breach an lae do chuaid an táilliúr isteach go dtí tig an fhir uasail agus ceann an fhathaig ar bhior a chlaideaimh aige. Bhí an fear uasal ana shásta leis an obair a bhí deanta ag an dtáilliúr an oidhche sin agus gheall sé deich púint don dtáilliúr acht fanacht an dara hoidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnal Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí