Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)díarr sé blúire bídh uirrthe acht ní thabharfhad.
Nuair a bhí a cuid bídh ithe aici dosgail sí gach seomra agus nuair tháinig sí go dtí an seomra seo d'oscail sí é agus do bhí sé lán de dhaoine mharbhagus do léim spota fola san aghaid uirthe. Nuair tháinig an fear tráthnóna chonnaic sé an spota fola uirthe agus tháinig strainn buile air agus dúbhairt sé "Níor dheinis an rud a dúbart leat" agus do mhairbh sé í agus chait i measc na ndaoine marbhú í.
An chead oidhche eile dobh í an tarna inghean a bhí ag faire an chabháiste agus dimthig an rudh ceadna uirthe. Dobh í an inghean abh óighe a chuir an ferimeóir ag faire an tríomhad oidhche agus dárduig an tarbh leis í go dtí an bpálás a bhí aige air an gCairrig Dhubh.
Thug sé iochair dí agus nuair a bhí sí ag ithe bídh do léim an gcaitín dubh anáirde air an mbord chúiche agus diarr sé blúirín bídh uirthe agus thug sí agus fáilte. Do chuaidh sí go dtí gach seomra agus dioscail sí iadh agus an seomra go raibh na daoine marbh ann chómh maith agus do léim an spota fola air a haghaid acht chómh luath agus do chonnaich an caitín an spota fola léim sé air a haghaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairmeacha beatha
- Cléireach
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí