Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 624
- XML “Amhrán - Seán De Barra”
- XML “Amhrán - Bean an Leasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)624D thalam Dreogasc na nDaoine é
- Amhrán - Bean an Leasa 7.10.36
Fuaireas é seó ómh athair críonna sé sin Eóghan Ó Fiannachta : 75 bliadhain. Fuair sé sin é ó na athair at curtha le 30 bl. Tá Eóghan Ó Fiannachta ina chomhnaidhe i mbaile móir, Daingean, Ciarraidhe.A Chríonna , Críonna a binn bhean bhéasach,
Go mbeannuighidh na naoimh dhuit 7(agus) beannuighim-se féin duit.
Is fada an stáir sin do thánaigh-sa id fhéachaint ó Cill Chlocair nó o Cill Chaora
Bean an Leasa:-
An tusa inghean Siobáin Dubh ó íochtar na hÉireann
Siobhán Dubh:-
Ní mé féin sin acht inghean ríogh de bhanríoghan Gréige
Bean an Leasa:-
Dá ba inghin ríogh thú de bhanríoghain Gréige
Do bheadh do leaca glan dearg mar aon bhean
Agus do bheadh fáinne óir ar gach méar leat
Agus do bheadh do ghruaig na ?stuacha? go féar leat
Siobhán Dubh:-
Is deacair dómhsa fáinne óir a bheith ar gach méar liom
Is mo leaca a bheith glan dearg ar nós aon bhean..(leanann ar an chéad leathanach eile)