Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 631
- XML “Fionn Mac Cumhaill agus an Fathach Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaradh an sgeal so thuas ó Pádraig Ó Siocru atair an "Seabhach" Tá sé os cionn 80 bliadhain.
Tháinig fathach mór on ndomhain thoir agus bhí sé cómh hárd san ná raghadh plata idir barr a cinn agus an spéir. Do gaibh sé thar sgeilg anoir agus anios tré béil cuan Fionntrágha.
Bhí Fionn Mach Cumhaill ag fearach bá nuair a connaic sé cuige aníos é. Tháinig eagla ar Fionn nuair a connaic sé é cómh mór agus bhí sé, agus mheas sé gur mhaith an seifth leigint air gur leanbh é. Do rug an Fathach greim air adairc dos na buaibh agus rug Fionn ar an adairch eile agus streacadar o ceann go hearball í.
Chuir sé ceist ar an leanbh cár cómhnuig Fionn Mach Cumhail, Nuair a bhí an fathach imighthe do ghaibh Fionn an comhngar agus bhí sé ag baile agus istig sa cliabhán nuair a tháinig an fathach.
Chuir an fathach ceist ar bean a'tíghe, cá raibh Fionn, agus dubhairt sí go raibh sé féin agus na Fianna amuigh ag seilg. Annsan do cur sé ceist, cérbh leis an leanbh, agus dubhairt sí gurb le Fionn é. Cuaidh sé anonn agus cuir sé a mhear na bheal cun a carrán do bhriseadh acht bhain Fionn an méar de lé na fhiaclaibh. "Más leanbh le Fionn tusa" ars an Fathach "ní foláir nó gurb(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Siocrú
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 80